Aire Gaeilge?

Aire Gaeilge?

Le Aindrias Ó Cathasaigh

Le tamall anuas tá cuid mhaith daoine ag éileamh go mbeadh Aire Gaeilge i rialtas Bhaile Átha Cliath. Chuir ceithre scór eagras a n‑ainm le hachainí roimh an olltoghchán seo caite a d’iarr é. Dar leo go mb’fhearrde ár gcás duine a bheith ag bord an rialtais agus cúram na Gaeilge is na Gaeltachta air nó uirthi. Is mealltach an argóint í — ach an seasann sí?

Ar dtús, ní cheadaíonn bunreacht an tSaorstáit ach cúigear airí déag a bheith sa rialtas. Má tá Aire Gaeilge le cur leo, caithfear fáil réidh le haire éicint eile. Cén roinn atá muid ag iarraidh a chur i leataobh, mar sin? An Roinn Sláinte, nó Oideachais, nó céard?

Rinneadh éileamh den tsórt céanna mar fhreagra ar an ngéarchéim tithíochta. Theastaigh aire ar leith le ghabháil i ngleic leis an scéal i ndáiríre, a dúradh. Agus rinneadh é. Athraíodh an tAire Comhshaoil is Rialtais Áitiúil ina Aire Tithíochta is Rialtais Áitiúil — is é sin le rá gur cuireadh malairt teidil ar chomharthaí na roinne. Agus cén difríocht atá déanta ag an Aire nua Tithíochta? Ó tháinig sé isteach, is méadú atá tagtha ar líon na ndaoine gan dídean.

Ar ndóigh, déarfaidh lucht cosanta an aire nua nach bhfuil sé ach núíosach sa bpost. Ach féach sampla eile, an tAire Leanaí. Agus an t‑uafás atá déanta ar pháistí ag an stát leis na blianta, measadh go mba chóir guth dá gcuid féin a bheith acu sa rialtas, agus tá Aire Leanaí ann le cúig bliana anuas.

An bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag páistí na tíre anois, mar sin? Admhaíonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil 2,363 páiste gan dídean ag codladh i seomra óstáin, agus sin ag gabháil i méid. Anois, an bhfuil biseach acu?

Ba cheart dúinn cuimhniú freisin go raibh a leithéid de rud agus Aire Gaeltachta ann ar feadh i bhfad. Bhí na hairí sinsearacha seo sa rialtas agus cúram na Gaeilge orthu idir 1956 agus 1993.

Bhí Paddy Lindsay ann ar dtús, iar-Léine Ghorm nár mhiste leis teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta a chúbláil le vótaí a fháil ina dháilcheantar féin. Bhí Pádraig Flynn ina Aire Gaeltachta tráth, fear na dtrí theach agus réalta an tuarascáil caimiléireachta. Charlie Haughey féin, eiseamláir na macántachta i gcúrsaí polaitíochta, ba Aire Gaeltachta é le cois an iomláin.

Agus cén feabhas a chuir na hAirí Gaeltachta sin ar staid na Gaeltachta? Fiú má fhanann muid taobh leis na daonáirimh, thit líon na gcainteoirí Gaeilge ann ó 64,275 i 1956 go dtí 56,469 i 1991.

Tá a lán daoine, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, ag súil le huaireadóirí i gcacanna daoine uaisle. Ní airí ná polaiteoirí ná bocanna móra ar bith a bhéarfas fuascailt don Ghaeilge. Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ach i ngníomh agus stuaim na cosmhuintire ina n‑aghaidh.

Cinnte, beidh orainn cur faoi deara don stát nithe a ghéilleadh dúinn, ach is cuma sa mí-ádh mór más Aire Gaeilge nó Aire na hUibhe Circe is teideal don té a ghéillfeas iad. Níor cheart dúinn am a chur amú le mionsonraí riaracháin an stáit, ach díriú ar an troid is gá leis an gceann is fearr a fháil air.

Caitheann muid an iomarca dúthrachta ag iarraidh ‘éilimh Ghaeilge’ a chumadh, éilimh a bhaineann leis an teanga féin amháin. I ndáiríre, má théann ár gcuid éileamh go croí na bhfadhbanna atá le sárú againn, beidh siad i bhfad níos leithne ná an Ghaeilge amháin.

Ní féidir linn slí beatha, oideachas ceart ná seirbhísí maithe a bhaint amach don Ghaeltacht is do lucht na Gaeilge gan iad a bhaint amach don phobal ar fad. Níor chóir go gcuirfeadh sin as dúinn ach a mhalairt, mar nascann sé coimhlint na Gaeilge leis na coimhlintí in aghaidh gach cineál éagóra sa saol. I dteannta a chéile is treise sinn.