Le Séamus Mac Seáin

Caoga bliain ó shin bhí cara liom a d’fhág Béal Feirste le dul a chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall lena bhean agus lena pháistí. Ní raibh siad i bhfad ann gur bhuail siad le lánúin de chuid na háite a chuir sonrú sa Ghaeilge a bhí ag na páistí.

“Caidé mar atá Gaeilge ag na páistí” ar siad “ó labhair muid Gaeilge leo agus iad sa bhaile i mBéal Feirste”

“Tá sin go hiontach” arsa lanúin na Gaeltachta, “Thug muid féin iarraidh ár gcuidse a thógáil le Béarla abhus ach theip orainn”.

Léiríonn an scéal beag sin is dóigh liom an tabhacht atá le comhluadar, cuideachta agus tacaíocht phobail i gcaomhnú teanga. Dá mó é an comhluadar teanga is amhlaidh is láidre í an chuideachta agus an cumas caomhnaithe teanga ann. Bhí an lanúin Ghaeltachta sin ag rá gur theip orthu á dteaghlach a thógáil le Béarla, ní de bharr easpa tacaíochta ón stát ná gan Acht teanga a bheith ann nó gan Ghaeilge a bheith ag státséirbhisigh ach go raibh an
comhluadar teanga thart orthu chomh láidir sin nach dtiocfadh troid ina choinne, go dtí sa
deireadh gur thóg teanga an phobail seilbh ar theanga an tí.

An dtiocfaidh an t-am achoíche go mbeadh sé sin amhlaidh in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht?

An féidir pobal a chruthú taobh amuigh den Ghaeltacht a mbeadh an teanga chomh láidir sin ann go mba dheacair í a sheachaint?

Níl a fhios agam ach is cinnte gur sin cuspóir na gcomharsanachtaí Gaeilge a chruthaigh muid féin 50 bliain ó shin.

San alt bheag seo bhéarfaidh mé iarraidh a mhíniú daoibh caidé mar a chuaigh muid
féin ina cheann, ar dtús cúpla sliocht beag le cruthú nach rud nua é smaoineamh seo na
gComarsanachtaí Gaeilge.

“Ní bheidh aon rath go deo ar fhoghlaim na Gaeilge go dtí go mbíonn sí á labhairt go
nádúrtha i dtimpeall an fhoghlaimeora, mura bhfeiceann said agus mura gcloiseann said an teanga á labhairt ag a leithéidí féin ní thaobhóidh said léi go deo’

Agus arís,

“D’Ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann, níl i mBaile mór
amháin sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe féin atá Gaelach nó leath-Ghaelach féin”

Faoin am a dúirt Máirtín Ó Cadhain na focail sin thuas i 1952 bhí craobh de Chonradh na
Gaeilge i mBéal Feirste ar tí polasaí lán Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Chraobh. Cumann Chluain Ard a bhí i gceist agus chuir said cosc ar an Bhéarla go h-iomlán i gcuid ar bith de
imeachtaí an Chumainn, gan fiú sna ranganna Gaeilge a bhí go flúirseach acu ní raibh cead
Béarla a úsáid.

D’éirigh an mhuintir óg a bhí sa chraoibh cleachtaithe le cuideachta a choinneáil le chéile i nGaeilge agus de réir a chéile bhí go leor lánúineacha ann arbh í an Ghaeilge an teanga chaidrimh a bhí acu a chuidigh go mór leis an dúshráith a leagan síos do Ghaeltacht
Bhóthar Seoighe. Bhí daoine i gcónai i mBéal Feirste a thóg teaghlach le Gaeilge ag dul siar go dtí bunú Chonradh na Gaeilge sa chathair in 1895 ach is troid a bhí ann an teanga a choinneáilt chun tosaigh agus iad timpeallaithe ag an Bhéarla ar gach taobh. Ba aonaráin iad ar bhealach ó thaobh cúrsaí teanga de agus ghlac sé díograis ar leith lena dhéanamh. Ní mhaireann teanga ar bith ar dhíograis amháin ceapaim, agus ar bhealach tá sé mí nadúrtha a bheith go síoraí ag smaoineamh ar an teanga a labhairtear sa teach, ach mura smaoiníonn tógfaidh teanga na comharsanachta seilbh ar theanga an tí mar a tharla i gcás na lanúine Gaeltachta atá luaite agam. Tá aithne agam ar dhaoine nár labhair ach Gaeilge lena bpáistí ariamh ach nár labhair na páistí Gaeilge leo, cé gur thuig said gach focal dar dúradh leo. Ba de gheall ar an fhadhb sin a sheachaint a tháinig an grúpa de lanúineacha óga le chéile i mBéal Feirste i 1961 le comharsánacht Ghaeilge a bhunú. Ba dhaoine iad uilig a d’fhoghlaim an Ghaeilge ag Cumann Chluain Ard sa chathair agus a raibh sé ar intinn acu teaghlach a thógáil le Gaeilge nuair a thiocfadh ann dóibh. Theastaigh uathu cruinniú le chéile in aon láthair amháin sa chathair le go mbeadh an Ghaeilge ag á gcomharsa agus go gcluinfeadh na páistí an teanga á labhairt ag a macasamhail féin i dtimpeallacht nadúrtha. Tá sin simplí go leor mar chuspóir agus ní ghlacann sé samhlaíocht ró-mhór a bheith ag duine lena thuigbheáil.

Dar leat mar sin gur bunú comharsanachtaí Gaeilge an rud is túisce a thiocfadh chun
cuimhne chuig dream ar bith a bhí ag smaoíneamh ar theanga a athbheochan taobh amuigh den Ghaeltacht, má bhí said le troid i gcoinne tonn rabharta an Bhéarla atá ár mbualadh gach lá sa tseachtain. Ní sin an rud a tharla ar ndóigh agus níor mhiste fios a bheith againn cad chuige. Le céad bliain agus breis anuas rinneadh iarracht an teanga a láidriú taobh istighagus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ba iarrachtaí stáit a bhí i gcuid mhór acu sin ach san am chéanna níor tugadh faoi chomharsanachtaí Gaeilge a bhunú ach go hannamh. Shílfeá ó thaobh bholscaireacht na hathbheochana féin de gur ghá a chruthú don phobal go dtiocfadh an teanga a dhéanamh beo arís, ní amhain sa chóras oideachais agus in institiúidí de chuid an stáit ach mar chuid orgánach de shaol an phobail féin, pobal a bhí ar an mhór-chuid i bhfáthach leis an teanga ach a bhí in amhras go mór go dtiocfadh í a athbheochain áit ar bith mar an chéad chéim i dtreo a h-athghabhála mar theanga náisiúnta.

Níobh ea nach raibh daoine ann a thuig an rud nó go gearr i ndiaidh bhunú an stáit ó dheas i 1922 thug rialtas Chumann na nGael a mbeannacht do bhunú “Páirc na Gaeltachta” i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus cé nár éirigh leis an scéim sin chruthaigh sé gur thuig daoine an coincheap. Arbh é teip an tionscnaimh áirithe sin a rinne Gluaiseacht na Gaeilge faicheallach faoina leithéid a thriall arís? Cá bhfios? Ach níor cailleadh suim go hiomlán sa smaoineamh faoi Chomharsanachtaí Gaeilge a bhunú nó nuair a foilsíodh “tuarascáil an choimisiúin um athbheochan na Gaeilge” i 1963 mhol siadsan rud ar thug siad ”Pobal- Aonaid Ghaeilge” air a bhunú fríd an tír ach go díreach cosúil le straitéis fiche bliain don Ghaeilge inniu níor cuireadh na moltaí i bhfeidhm ariamh agus tá na moltaí fiúntacha a rinneadh an t-am sin ina luí áit éigin in oifigí rialtais ag cruinniú dusta. Scéal ár mbeatha go síoraí de réir cosúlachta. Ar scor ar bith roimhe sin i 1936 rinneadh iarracht rud éigin a
dhéanamh le lonnaíocht a bhunú nuair a haistríodh cúpla chéad duine aniar as Gaeltachtaí Iarthair na tíre go dtí Rath Cairn agus go Baile Ghib i gcontae na Mí le ceantair Ghaeltachta a dhéanamh ansin. Is cainteoirí dúchais Gaelige a bhog go Co. na Mí ar ndóigh agus is  aistriú pobal Gaeilge ó áit amháin go háit eile a bhí i gceist agus ní Gaeltacht Uirbeach úr mar a bhí i gceist againne i mBéal Feirste agus ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Ard Barra i gCorcaigh i dtrátha an ama chéanna linn féin agus agaibh féin chomh maith sa lá atá inniu ann.

Bhí baint ag Máirtín Ó Cadhain le bunú Rath Cairn sna tríochaidí ach is léir gur ag caint ar
chomharsanachtaí uirbeacha Gaeilge a bhí sé nuair a dúirt sé,

”Caithfidh muid baile mór a bhunú muid féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní dodhéanta é. Níorbh ea. Níor ghá ach áit fheiliúnach a thoghadh, sórt cumann foirgníocht a bhunú, na tithe a thógáil agus busanna a bheith ann le daoine a thabhairt isteach is amach chuig a gcuid oibre. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge: bunaídís féin é”.

Thuig Ó Cadhain is dóigh liom mura dtosódh an teanga a neadú in áiteanna eile sa tír gur
dócha nach dtiocfadh leis an Ghaeltacht thraidisiúnta déileáil leis an tsíor-chreimeadh a bhí ag dul ar aghaidh leis na céadtaí bliain gan dul faoi go hiomlán ar ball. Ba fhear Gaeltachta go smior é Máirtín Ó Cadhain ach thuig sé san am chéanna gur mar theanga Náisiúnta a chaithfí í a chaomhnú agus sin an fáth a raibh sé ag caint ar chomharsanachtaí a bhunú in áiteanna eile. Comhartha fáis in áit feo agus dóchas in áit éadóchais.

Aon uair amháin a rinne muid féin amach i mBéal Feirste gur mhaith linn comharsanacht
nua Ghaeilge a bhunú, ba rudaí praicticiúla a bhí ag cur as dúinn i ndiaidh sin agus bhí
deireadh leis an teoiricíocht, rud a bhfuil faoiseamh ag baint leis i gcónaí – gníomh
seachas caint- nó ba é “ná habair é – déan é ” an mana a bhí againn. Bhunaigh muid
comharchumann agus chuir muid ciste beag le chéile le daoine a cheangal leis an
smaoineamh ar dhóigh fhoirmiúil nó go dtí sin ní raibh ann ach caint. Ba é an chéad rud a
bhí le socrú againn ná líon na dtithe a thógfaimis le gurbh fhiú pobal a thabhairt air. Rinne
muid amach go dtógfadh sé fiche teach ar a laghad le comhluadar ceart a dhéanamh ach san am chéanna a bheadh beag go leor le go dtiocfadh le daoine bochta cosúil linn féin a
thabhairt chun críche. D’iarr muid ar Ailtire Gaelach i mBéal Feirste, Seán Mac Goill, plean
a dhearadh dúinn do na tithe mar aon le halla pobail a raibh muid ag dúil le scoil a dhéanamh as ar ball. Rinne an tAiltire amach gur fá thuairim dhá acra a bheadh de dhíth
orainn don scéim. Ar dtús báire shíl muid go dtiocfadh linn tógálaí a aimsiú a bheadh sásta
fiche teach in aice le chéile a choinneáil ar leath taobh fá n-ár gcoinne in eastát tithe a raibh sé ar intinn aige a thógáil ach go bhfuair muid amach go mbeadh na socraithe ina chomhar sin ró chasta le h-oibriú. Mar sin chuartaigh muid thart féachaint le cúpla acra a aimsiú dúinn féin agus tabhairt faoin obair muid féin gan chonraitheoir.

Tharlaigh sé ag an am chéanna go raibh Cumann Lúth-Chleas Gael i mBéal Feirste ag díol
12 acra de thalamh a bhí acu ag Bóthar Seoighe ar imeall na cathrach, atá fá thuairim trí
mhíle ón lár, a bhí iontach fóirstineach don rud a bhí ar intinn againn. Bhí CLG ag iarraidh
an talamh a dhíol ina léadhb mhór amháin ach ní raibh sé ar ár n-acmhainn 12 acra a
cheannacht agus d’iarr muid ar bheirt iar-Uachtarán de cuid an CLG, Ailf Ó Muirí agus
Pádraig Mac Con Midhe labhairt ar ár son féachaint an mbainfeadh siad dhá acra as an
díolachán agus iad a dhíol linne. Thoiligh siad sin a dhéanamh ar iarratas na n-iar-
Uachtarán. Bhí sin simplí go leor dar leat ach go fírinneach bhain sé ceithre bliana asainn a
theacht chomh fada sin agus bhí go leor lanúineacha a tháinig agus a d’imigh le linn an ama sin de bharr nach raibh rudaí ag bogadh sciobtha go leor ach bhí baicle beag i gcónaí a
d’fhán leis an aisling i rith an ama. Bhí suíomh geallta dúinn fá dheireadh ach ní raibh
airgead ar bith againn leis an talamh a cheannacht agus cuimhnigh gur ghnáth oibrithe a bhí ionainn gan phingin ar thús nó ar dheireadh againn gan a bheith ag caint ar an £10,000 a bhí CLG ag iarraidh ar an talamh.Ba ansin a fuair muid amach chomh tábhachtach agus a bhí caidreamh idir Gaeil nuair a bhí rud éigin tábhachtach le cur i gcrích agus go fírinneach
nach dtuigeann muid go minic an cuidiú agus an saineolas atá inár measc féin mar dhream
ach muid cur le chéile. D’iarr muid iasacht airgid ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na
Gaeilge agus ainneoin nach mbímis i gcónaí ar aon intinn le chéile fá ghnaithe  Ghluaiseacht na Gaeilge thuig siad an rud a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh agus thoiligh siad an iasacht a thabhairt ach muid barántas pearsanta a thabhairt go ndéanaimis é a aisíoc, rud a thug muid. Is maith liom a rá go ndearna muid an iasacht sin a aisíoc ina iomlán le himeacht ama.

Dar ndóigh bhí caidreamh Gael tábhachtach againn ó thús nó bhí Ailtire againn Seán Mac
Goill go mba Ghael díleas é agus Dlíodóir chomh maith i Séamus De Napier go ndéana Dia
a mhaith air a bhí chomh dílis céanna agus a bhí sásta an obair uilig a dhéanamh ar cairde go raibh an t-airgead againn le h-iad a íoc, de bharr gur chreid siad sa rud a bhí ar bun againn agus is ar éigean go n-éireodh linn achabé iad.

D’iarr muid cead pleanála do fhiche teach agus halla pobail agus fuair muid sin. Faoin am seo ní raibh fágtha den chéad dream a chuir suim sa scéim ag an tús ach cúig theaghlach rud a d’fhág go raibh na costais uilig ag titim ar líon an-bheag daoine agus ó tharla nach rabh deontas i gceist in am ar bith, bhí an t-ualach airgid do thús na scéime ag dul a bheith trom go leor. Ar scor ar bith bhí an talamh inár seilbh agus cead pleanála againn agus d’iarr muid morgáistí le teach sraithe an duine a thógáil le ceithre sheomra luí agus gairdín beag chun tosaigh agus ar chúl. Bhí lucht morgáiste sásta go leor an t-airgead a thabhairt ach dar ndóigh ní scaoileann lucht morgáiste airgead ar bith go bhfuil an teach ag leibhéal an bhunurláir agus glacann sé airgead leis an teach a thabhairt go dtí sin.

Bhí baint againn uilig le Cumann Chluain Ard agus chuir muid gníomhais sheilbhe an chumainn i ngeall ar iasacht sa bhanc, bíodh a’s nach raibh gach duine i gCumann Chluain Ard sásta le sin, ar eagla go dtarlódh rud éigin agus go gcaillfí seilbh ar an chumann féin.

Nuair a mhínigh muid gur iasachtaí pearsanta ar gach teaghlach den chúigear a bhí i gceist
shíothlaigh an cheannairc agus bhrúigh muid ar aghaidh. Mar is léir ón mhéid atá ráite agam go dtí seo, bhí muid beo bocht agus ar an ábhar sin chinn muid ar an obair uilig a stiúradh muid féin agus a oiread den obair a dhéanamh is a bhí ar ár gcumas.

Bhí sin crua ar mo dheartháir Seán a bhí ina shúinéir agus a mbéigean dó obair adhmad
chúig theach a dhéanamh é féin i ndiaidh dó a lá oibre féin a dhéanamh sa phost a bhí aige.
Féadaim a rá nach raibh lá saor ag duine ar bith againn le linn an ocht mí dhéag a bhí an cúig theach ag dul suas.

D’iompar muid brící agus réitigh muid scafálra san oíche dona bríceadóirí an lá dar gceann. Obair chrua a bhí ann ach i mí Feabhra 1969, ocht mbliana i ndiaidh dúinn toiseacht amach ar an aistear agus 18 mí i ndiaidh dúinn tús a chur leis an tógáil, bhog an chéad teaghlach isteach sa Ghaeltacht bheag nua ar Bhóthar Seoighe agus i gceann cúpla mí bhí cúig theaghlach ann.

Dar ndóigh ba bhliain chinniúnach í 1969 ó thaobh stair na tíre de agus ó thaobh stair na sé
gContae de ach go h-áirithe nó réabadh an tsochaí as a chéile. Ruaigeadh daoine as a dtithe. Maraíodh daoine agus rinneadh teifigh de chuid eile. I mBéal Feirste scriosadh sráid iomlán, Sráid Bhombay, agus fágadh 41 teaghlach ar an bhlár fholamh. Bhí an teaghlach deireanach i ndiaidh bogadh isteach ar Bhóthar Seoighe agus go leor eolais faighte againn ar an dóigh le tithe a thógáil agus nuair a léirigh na hÚdaráis nach raibh fonn ró-mhór orthu Sráid Bhombay a atógáil rinne muid féin amach go ndéanfaimis féin iad a thógáil ar neamh-chead dóibh agus gan chead pleanála fiú amháin. Chuaigh Seán Mac Seáin i mbun na tógála faoi stiúir Sheáin Mhic Ghoill, ailtire Bhóthar Seoighe agus le pleananna tithe Bhóthar Seoighe chomh maith. Mar sin is ionann tithe Shráid Bhombay agus tithe s’againne ar bhóthar Seoighe a bheag nó a mhór. Dar ndóigh ní tógáil tithe amháin a bhí i gceist nó b’éigean airgead a bhailiú leis na tithe a thógáil nó ní raibh airgead stáit ar fáil. Is iad na Gaeil arís a chuaigh i mbun an chiste atógála agus cruinníodh na mílte punta sa bhaile agus i gcéin leis na tithe a thógáil. Taobh istigh de bhliain bhí muintir Shráid Bhombay ar ais ina gcónaí sa tsráid arís. Ba rud mór é dar le daoine an tsráid sin a atógáil nó mura dtógfaí í b’ionann agus géilleadh don fhoréigin é, rud nach mbeadh ar leas duine ar bith agus sa bhreis ar sin ba Ghaeilgeoirí iad na daoine a rinne é agus chonaic an gnáth phobal taobh eile de ghluaiseacht na Gaeilge nár bhain leis an teanga amháin ach le leas ginearálta an phobail, rud nár dhochar. Leas ginearálta an phobail a dhéanamh fríd mheán na Gaeilge.

Ainneoin muid a bheith ag tógáil tithe Shráid Bhombay ní dhearna muid dearmad ar
Ghaeltacht Bhóthar Seoighe í féin agus le linn 1970 thóg muid trí theach eile agus fá
dheireadh na bliana bhí ocht dteaghlach ina gcónaí sa Ghaeltacht bheag. De bharr an taithí a bhí faighte ag Gaeil ag tógáil Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus le hatógáil Shráid Bhombay bhí muinín agus uchtach acu tabhairt faoi chuid eile de fhadhbanna sóisialta mhuintir Iarthair Bhéal Feirste a leigheas agus bhunaigh siad comharchumann le hobair a chur ar fáil i gceann de na cheantair a ba bhoichte san oileán seo mar atá ceantar Bhaile Uí Mhurchú.

Bhunaigh siad monarcha cniotála, gnó bheag frámadóireachta, comharchumann tógála,
siopa gróiséara agus garáiste agus an rud a ba uaillmhianaí ar fad nuair a bhunaigh siad
Eastát Tionsclaíochta a raibh Eastát Tionsclaíochta Bhóthar Na Carraige air. 10 n-acra a bhí
san Eastát agus spás ann do fhiche monarcha beag a chuirfeadh obair ar fáil do cúpla céad
duine nuair a bheadh sé críochnaithe.

Fá dheireadh 1970 agus ocht dteaghlach anois lonnaithe i nGaeltacht Bhóthair Seoighe bhí
cuid dena páistí ag tarraingt ar aois scoile agus bhí socrú le déanamh againn an raibh muid
le hiad a sheoladh chuig an scoil Bhéarla a ba chóngaraí mar a rinne teaghlaigh Ghaelacha i
mBéal Feirste ariamh anall nó an dtabharfaimis faoi scoil a bhunú muid féin. Ní fhacthas
dúinn go raibh ciall ar bith le stró a chur orainn féin Gaeltacht a bhunú le saol nádúrtha a
chruthú dona paistí ina dteanga féin agus ansin iad a sheoladh chuig scoil Bhéarla áit a
gcaithfeadh siad an chuid is mó den lá. Mar sin ag tús Mheán Fómhair 1971 bhunaigh muid
scoil aon-oide agus gan innti ach seachtar dalta ar phíosa talaimh ar chúl na dtithe ar
Bhóthar Seoighe i chalet beag aon seomra a bhí in úsáid ar feadh bliana roimhe sin mar
lóistín sealadach ag daoine a ruaigeadh as a dtithe féin mí Lúnasa 1969. Ní héigean domh a
rá libhse gur cinneadh deacair go leor atá ann scoil a bhunú agus a choinneáilt ag dul gan
tacaíocht stáit, go háirithe nuair a bhagair an Roinn Oideachais roinnt bhliain roimhe sin go gcuirfí an dlí ar dhream ar bith a bhéarfadh iarraidh a leithéid a dhéanamh nó nach raibh an teagaisc fríd mheán na Gaeilge inghlactha i stát arbh é an Béarla teanga oibre an stáit. Bhí muid dána go leor faoin am sin gan aird ar bith a thabhairt orthu agus réabadh linn ar a neamhchead. Bhí go leor deacrachtaí againn múinteoir a fháil de bharr an saol a bheith chomh corrach sin ag an am agus daoine ag fáil bháis ar na sráideanna. Tá sé sa tseanachas faoin scoil go mb’éigean don mhúinteóir ar chéad lá na scoile na páistí a chur ar an urlár agus á mbéal fúthu a fhad a’s bhí eachtra lámhaigh ag dul ar aghaidh taobh amuigh. Ní hiontas ar bith mar sin gur imigh an múinteóir ag an Nollaig agus níor fhill sí. B’éigean do thriúr ban de chuid Bhóthar Seoighe seasamh isteach go dtí deireadh na bliana scoile gur aimsigh muid bean óg gur de thógáil Ghaeilge i mBéal Feirste í féin le dul i mbun na scoile, ainneoin gan cháilíochtaí múinteoireachta a bheith aicí ar chor ar bith. Chruthaigh sí go fíor mhaith ar feadh an dá bhliain a d’fhán sí ann agus gan í is féidir nach bhfanfadh an scoil foscailte ar chor ar bith ach d’fhás an scoil de réir a chéile go bhfuair sé aitheantas Stáit agus maoiniú i 1984 trí bhliain déag i ndiaidh a bunaithe.

Tuigeann dream ar bith a bhunaíonn scoil gan mhaoiniú stáit go bhfuil sé a dul a bheith
iontach deacair agus go nglacfaidh sé an dubh rud oibre le coinneáilt ag dul agus gur thuig muid inár gcás féin nach raibh sé ag dul a stopadh ag an bhunscolaíocht amháin ach gur
dócha go rachadh sé ar aghaidh go dtí an mheánscolaíocht, rud a bheadh ní ba dheacra arís
ach i ndiaidh a bhí déanta againn go dtí sin níor chreathnaigh muid roimhe sin ach oiread
agus i 1978 chuir muid Meánscoil Feirste ar bun agus gan inti ach cúigear paistí agus na
hábhair uilig á dteagasc ag triúr ban as Bóthar Seoighe féin le cuidiú ó thriúr Gael eile go
mba mhúinteoirí iad a thagadh isteach le trí ábhar eile a theagasc ina gcuid ama saor féin
gan íocaíocht ar bith a fháil ar a shon. Gidh nár mhair an mheánscoil sin ach dhá bhliain
nuair a b’éigean éirí as de bharr an iomad brú ar airgead a choinneáil leis an bhunscoil a bhí ag fás i rith an ama gan airgead ar bith stáit agus na múinteoirí ansin le híoc. Ní saothar in aisce go hiomlán a bhí i Meánscoil Feirste nó chruthaigh sé sa dá bhliain a mhair sí go dtiocfadh réimse iomlán ábhar a theagasc fríd mheán na Gaeilge ar bheagán acmhainní. Agus fá cheann 10 mbliain bunaíodh Coláiste Feirste ar an dóigh ceannann chéanna gan airgead stáit agus gan ann ach naonúr dalta ach go raibh cuid de na daoine a bhí ag baint leis an chéad iarracht deich mbliain roimhe ag baint leis agus fios acu ar caidé a bhí le déanamh má bhí ag dul a éirí leis. An t-am seo d’éirigh leis agus tá 600 dalta anois ann agus gach ábhar á theagasc fríd mheán na Gaeilge ann, 60 múinteoir fostaithe, chomh maith le fiche oibrithe eile gur Gaeil iad uilig.

Ar Bhóthar Seoighe féin le linn an 45 bliain atá sé ann tháinig daoine eile isteach go dtí
nach bhfuil níos mó talaimh fágtha agus 22 teaghlach ar fad ina gcónaí ann idir óg agus
aosta. Rugadh páistí ann, tógadh teaghlaigh ann agus fuair daoine bás ann, sin scéal
comhluadar ar bith áit ar bith ach gurb í an Ghaeilge teanga na muintire ann. Tá daoine a
rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Bhóthar Seoighe anois arais ina gcónaí ann lena
dteaghlaigh féin rud a fhágann go bhfuil an tríú glúin de chainteoirí Gaeilge anois ag fás
suas sa Ghaeltacht bheag seo i mBéal Feirste agus is cuma cad é a tharlaíonn don teanga i
gcuid ar bith eile den tír sa todhchaí mairfidh an teanga beo ansin ar feadh fada go leor is
dóigh liom.

Bheadh daoine ann b’fhéidir a bheadh buartha go mbeadh siad ag dul isteach i saghas
“commune” agus iad ag dul a chónaí i gcomarsanacht nua Gaeilge mar atá againn i mBéal
Feirste ach ní sin an cleachtadh a bhí againn. Ní raibh ach dhá riail againn, an chéad cheann gurbh í an Ghaeilge teanga choitianta an tí agus an dara cheann go gcaithfeadh teaghlach dearbhú a thabhairt go ndíolfadh siad an teach le teaghlach Gaelach eile dá mbéadh acu le bogadh. Thar tréimhse 45 bliain tháinig daoine agus d’imigh daoine ach d’éirigh linn i gcónaí teaghlach Gaelach eile a aimsiú lena n-áit a ghlacadh. Taobh amuigh den dhá riail sin níl laincisí ar bith eile ar dhaoine agus cead acu a saol a chaitheamh mar is maith leo gan cur chucu ná uathu. Tá fiche dearcadh éagsúla ag daoine ann ar gach cineál ábhair agus easaontaíonn muid le chéile ach tá muid diongbháilte go mbeidh an Ghaeilge mar an cheangal eadrainn i gcónaí . Cionn is go raibh an tsaoirse sin ag daoine ar gach bealach sílim gur éirigh linn measarthacht a bhaint amach i mBéal Feirste ó thaobh forbairt na Gaeilge de. Tógann brobh beart a deirtear agus de bharr an muinín agus agus na scileanna a fuair muid ag forbairt na scéime tithíochta d’éirigh linn dul ar aghaidh agus sráid iomlán 31 teach a atógáil ag Sráid Bhombay a scriosadh le linn caismirtí 1969 agus a bhí na húdaráis ag diúltú a atógáil. Bhí baint againn le cuid mhór dena tionscnaimh a bunaíodh i mBéal Feirste le caoga bliain; Eastát Tionscail, Cóláiste Feirste, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Club Leabhar Gaeilge srl. srl.

Mar fhocal scoir nach iontach an spreagadh agus an tuar dóchais a bheadh ann agus muid
ag druidim le bliain chomórtha Éirí amach na Cásca dá gcuirfí tús le Gaeltacht nua uirbeach i mBaile Átha Cliath mar chruthú agus mar chomhartha dóchais nach íobairt in aisce go hiomlán a bhí san éirí amach. Tá sé eagras anois ceaptha leis an teanga a fhorbairt fríd an tír ar fad. An bhfuil seans ar bith ann meas sibh go dtiocfadh siad ar chomhthuiscint faoina a leithéid a bhunú ansin mar ionchur na nGael san chomóradh a bhfuil na páirtithe polaitiúla cheana féin ag tógáil úinéireachta air ainneoin gurbh iad a ba mhó a d’fheall ar fhíor chuspóirí an éirí amach? Is cinnte gur athraigh an saol go mór ó bunaíodh Gaeltachtaí Uirbeacha Bhéal Feirste agus Chorcaigh caoga bliain ó shin ach san am chéanna tá rudaí ann a fhanann buan seasmhach is cuma cad é an tréimhse atá i gceist. Is ón phobal aníos a chaithfeadh an treoir agus an spreagadh a theacht le Comharsanacht nua Ghaeilge a bhunú.

Comh dócha lena mhalairt is daoine faoi bhun caoga bliain de aois a thabharfadh faoi. Ba
mhaith freisin go mbeadh buntáiste ag baint le daoine cinneadh a dhéanamh dul a chónaí
inti. Ba mhór an gar dá bhfaighfí cuidiú ó chiste poiblí éigin le suíomh a cheannacht nó le
seirbhisí a chur isteach , tagadh sé sin ón sparán phoiblí i nÉirinn nó ó chistí éigin de chuid
na hEorpa. Tá a leithéid ann is dóigh liom. Fuair muid féin amach i mBéal Feirste nach
miste buntáiste airgid a bheith ag baint leis an idéalachas corr uair. Cé gurbh iad na chéad
teaghlaigh a chuir tús le scéim Bhéal Feirste a chuir an t-airgead uilig ar fáil leis an scéim a
thionscnamh, fuair daoine a tháinig isteach ar ball suíomh tí saor in aisce nuair a bhog siad
isteach agus ba mhór an cuidiú é sin don dream a ba deireanaí a tháinig isteach ocht mbliana ó shin nó ba theaghlaigh óga iad uilig nach raibh i bhfad pósta agus gan mórán airgid acu agus b’ionann é agus deontas saor in aisce de £30,000 a fháil leis an teach a thógáil, cé gur ón chomhluadar féin a tháinig sé agus ní ó chiste poiblí ar bith. Tá mé cinnte go mbeadh corr theaghlach ina measc nach mbeadh sé ar a n-acmhainn, b’fhéidir, teach a thógáil gan an cuidiú sin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s