Cuartú ‘s ag cartadh (Skipeáil )

Cuartú ‘s ag cartadh (Skipeáil )

 le Naoise Ó Cairealláín

Tá seans mhaith ann go bhfuil tú in amhras faoi seo, bosca bruscar?

Ráiméis?

Níl mise ag dul in aice le sin a chluinim thú a rá!

Sin an rud a cheap mise tráth den tsaol, ach a mhalairt a bhí ann.

An bhfeiceann tú an pictiúr sin thall, ní mar sin atá sé ach is pictiúr deas é.

Bíonn bia iontach snasta blasta ar fáil, is iomaí uair a d’aimsigh muid liamhas mór galánta, nó neart bagúin, nó ispiní, nó twixes, roicéad, cál, prataí, plúr….chuile rud beo.

Mar a deir an seanfhocal, ‘ Is fearr bia ón bhruscar ná bia ón ollmhargadh’ nó rud éigin mar sin.

Thíos, tá cúpla píosa comhairle uainn anseo i Misneach.

Bíonn na rudaí seo úsáideach, solas agus mála agus duine le boladh na sróine.
– Aimsigh ollmhargadh nó bialann nó siopa aitiúl nó banc má tá an t-ádh leat, déan
cinnt go bhfuil sé druidte, aimsigh na boscaí bruscar agus bí ag curatú’

– Déan seic sna boscaí bruscar ar fad, bíonn siad measartha glan ach bí cúramach
d’aon rud atá oscailte.

– Déan iarracht fanacht ar shiúl ón éineoil, ach stróc leat le gach rud eile. Bíonn an
bagún blasta.

– Bígí ag cartú na hearraí ach na bí i do shantachán, fág roinnt bia ag na daoine eile,
ní caipitlithe santacha muid!

– Bí airdeallach ar na fir slándála, an corr uair bíonn siad thart, cé nach dtarlódh aon rud, bíonn sé thar a bheith amscaí nuair a bhuaileann tú leo.

 – Ullmhaigh an bia comh luath is a féidir leat nó cuir sa reoiteoir é agus eagraigh féasta mór le do chuid chairde Gael!

– Ní bhíonn móran glasraí le fáil go minic, mar sin beidh oraibh iad a fhás nó a
cheannacht.

Cuimhnígí, caithfidh muid bheith folláin don lá a dtiocfaidh an réabhlóid!

Cogadh Uisce Éireann

Cogadh Uisce Éireann

Le Breandán Ó Conchúir

Tá sé rí-shoiléir gur cath é seo in aghaidh táillí uisce ach tá muintir na hÉireann ag seasamh an fhóid in aghaidh an nua-liobrálachais ag an am ceánna.

Tá muintir na hÉireann ag troid ar son a gcearta daonna, ag cinntiú nach dtéann uisce sa treo céanna leis an ESB agus leis an bhruscar agus gach seirbhís phoiblí eile a d’iompaigh ar an bpríobháideachas.

I ngach cearn den domhan tá grúpaí cosúil le ‘right2water’ i mbun agóide le cosmhuintir na tíre in aghaidh an diabhal rialtas atá faoi thionchar na gcomhlachtaí móra a bhfuil níos mó suime acu sa bhrabús príobháideach ná i gcearta daona.

Is léir nach bhfuil an rialtas ag obair ar son na ndaoine, bunadh na tíre seo, mar sin de caithfidh muid an cheist a chuir, cé a bhfuil siad ag obair ar a son? Ina theannta sin, níor tháinig aon fheabhas ar chúrsaí uisce fós. Ar an chéad dul síos, cailltear an cheathrú cuid den uisce trí scoilteanna sna píopaí. A mhac go deo, tá daoine ag íoc níos mó anois agus tá na comhlachtaí ag méadú ar a mbrabús chuile bhliain.

Tá níos mó tábhachta leis na bodaigh mhóra ná leis an lucht oibre.  Deir an rialtas nach faoi phríobháidiú atá sé seo, ach faoi ‘chaomhnú’. Dúirt Uisce Éireann nach mbeidh siad in ann an córas uisce a dheisiú go ceann 25 bliain, 25 BLIAIN agus d’admhaigh siad sin!

Meastar gur tugadh suas le €500 milliún do Uisce Éireann chun iad féin a eagrú. Anois, níl mórán eolais agam ar chúrsaí uisce na hÉireann ach táim cinnte go dtiocfadh leo an córas sin a dheisiú leis an airgead sin.

Is cuid den déine atá sna táillí uisce. Ar fud na hEorpa bíonn comhlachtaí ar aon bhuile le ‘Uisce Éireann’ ag cur coisc ar sheirbhísí uisce nuair nach mbíonn siad in ann é a íoc. Agus anois tá an bodach mór Enda Kenny ag rá go mbainfidh sé an t-airgead ón dól agus ó phá na cosmhuintire. A leithéid de phlean!

I bhfaiteadh na súl, tá an rialtas i ndiaidh dallamullóg a chur orainn! Chun scéal fada a dhéanamh gairid agus scéal gearr a dhéanamh go maith, níl sé ceart nó cóir do chomhlacht mór brabús a dhéanamh ar rud atá againn de cheart . Tá muid ag troid agus beidh muid ag troid go dtí an dé deiridh, tá muintir na hÉireann tinn tuirseach den rialtas ag brú an bhochtannaos agus nua-liobrálachais suas ár dtóin. Tá sé thar am dúinn seasamh ar son ár gcearta.

AR AGHAIDH LINN!

Preab san Ól

Preab san Ól

le Darren Regan

‘Ní thiocfadh leis a bheith chomh dona sin!?’

Tá an abairt sin cluinste agam go minic,go hiondúil nuair a bhínn isgh i gcoirnéal pub in áit éicint, mé caoch, le pus orm  mar mhadadh dána gur ceapadh in éis cac a dhéanamh ar an gcairpéad é. Gob fliuch  agus cloigeann marbh.  Ní raibh ariamh aon adhb go mór agam leis, ach airímse i  gcónaí é ag oibriú a chuid asarlaíochta ormsa, ag déanamh ‘fear craice’ dhíomsa le  haghaidh scaitheamh agus ansin.

An brón.

An ghráin.

Gach uile rud eile a   bhaineann leis an ‘uisce coisricthe’ sin.

Is sinne ceann den bheagán sluaite a  dhéanann buaidh as andúil ár lae saoire  náisiúnta ar an 17 de mhí Mhárta. Ní hamháin nach n‐aithníonn muid go fuarchúiseach ár gcaidreamh amscaí leis an  stuif agus na dreamannaí a dhéanann é,  ach déantar pointe tarraingteach turasóireachta dhe chomh maith. Tagann  daoine go dtí an tír seo le haghaidh NA CRAICE.

Mhothóidh tú ‘ara nach bhfuil  muide uilig sound a mhac?! Sure nach  iontach an chraic an dtuigeann tú? Cupla  piontaí agus beidh ard‐chraic go deo  againn!’

Is ionann na hÉireannaigh agus a  gcuid craic agus is ionann an chraic agus an  t‐ól.  Ach cén t‐ábhar agus cén chaoi gur thosaigh muid ag tógáil an branda seo  orainn féin agus gur chloígh muid leis?

Tugadh alcólaithe orainn ag muintir Shasana agus Meiriceá nuair a bhíodh muid ag  dul thar sáile ar thóir oibre, d’éadfaí a rá  gur uaidh sin a fuair muid an masladh i  dtoiseach, b’fhéidir.

Scríobh Briain Ó Nualláin

“Bíodh i gcuimhneamh ort go raibh mé  éin i mo Ghael chomh maith, tráth. Ach  inniú tá mé cneasta. Ní Éireannach a thuilleadh mé. Níl ionam ach pearsa. Leigheas  mé mé éin in éis na blianta ag fulaingt.”

An é seo an rud atá taobh thiar dhúinn agus  an chraic? An airíonn muid nach leor muid  éin, go gcaithfidh muid a bheith ólta chun ‘craic’ a bheith againn?

Feictear dhomhsa  nach bhfuil aon dath den chraic atá againn nach bhfuil daite faoin margaíocht sin anois.

Cuir faisnéis ar eachtrannaigh go  bhfuil beagán eolais acu ar oileáin bheag  bháite s’againn féin agus abróidh céatadán  ormhaith dhaofa sin ‘Guinness!’ nó  ‘Drinking!’. Ní ‘Gaeilge!’ nó ‘An Táin!’ nó  ‘Marty Whelan!’ (Is maith liom Marty).

Tá  sé de cháil againn a bheith dallta, caochta,  ólta mar dhaoine. An bhfuil sé tuillte?  Ar bhealach eicínt táim ag cuimhneamh go bhfuil áibhéil déanta den rud ag na  meáin ar an ábhar seo. Is maith leofa a  bheith ag scríobh ceannlínte móra a  chuirfidh faitíos orainn .i. na daoine a  cheanaíonn iad, mar go bhfadaíonn sé nidh shainte na ceannaíochta, b’fhearr linn  drochscéal is cosúil, nuair a thagann sé  chomh fada le nuachtáin ar mhodh ar bith.

Agus, ar ndóighe, má dhearcann tú ar ár  gcomharsanaí san oileán thall, tá  fadhbannaí go leor acu mar a bhíonn  againn féin agus is r go bhfuil a croí (agus  a dlí) curtha isteach sa bheoir í an  Ghearmáin. Níl muid in ár n‐aonar ag cur preab  san ól. Ach sé an rud is suaite faoin rud ná  go síltear gur ionann muid is ár mblas don  ól. Agus glacann muid leis go spraoiúil.

D’éach Guinness fiú, le lá dá gcuid éin  ‘Arthurs Day’ a chruthú, ar aios nach  mbeadh muid ag ól ár sáith cheana féin. Níl  mé in aghaidh an óil, is maith liom é in  amannaí ach ní shílim go gcaithfimid a bheith ólta le craic a bheith againn. Sílim go bhfuil rudaí i bhfad níos fearr agus i bhfad níos fearr ann faoi na hÉireannaigh, rudaí nach bhfuil le cloisteáil thar gligleáil na gloiní.

Táimid ag teagasc na beatha

Táimid ag teagasc na beatha

Le Rafeef Ziadadh

Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse.

Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse le gearradh in eagar do ghiotáin fhuaime agus teorainn fhocal.

Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilfíse le gearradh in eagar do ghiotáin fhuaime agus teorainn fhocal lán le statisticí a théann i gcoinne na freagartha tomhaiste.

Is chuir mé snas ar mo chuid Béarla, d’fhoghlaim mé na comhréitigh agam ó na Náisiúin Aontaithe.

Ach fós féin, ar sé, ag fiarfaí díom, a bhean Ziadah, nach dóigh leat go mbeadh an uile ní réitithe ach sibh a staonadh den bhfuath a theagasc i measc bhúr na n-óg?

Fan.

Cíoraim m’anam féachaint an bhfuil sé de mhisneach agam bheith foighneach, ach níl an fhoighne ar bharr mo theanga is na buamaí ag tuirlingt os cionn Gaza.

Tá an fhoighne éalaithe uaim.

Fan.

Déan aoibh.

Táimid ag teagasc na beatha, a fhir uasail.
a Rafeef, cuimhnigh ar d’aoibh.

Fan.
Táimid ag teagasc na beatha, a fhir uasail.

Táimidne, na Palaistínigh, ag teagasc na beatha, tar éis dóibh an spéir dheireanach a ghabháil.

Táimid ag teagasc na beatha tar éis dóibh na lonnaíochtaí is na fálta cinedheighilte a thógáil, i ndiaidh na spéartha deireanacha a ghabháil.

Táimid ag teagasc na beatha, a fhir uasail.

Ach inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse gearrtha in eagar do ghiotáin fhuaime agus teorainn fhocal.

Mhuise, tabhair scéal dúinn, scéal daonna.

Níl poilitíocht uainn, an dtuigeann tú?

Níl uainn ach scéal faoi do mhuintir a insint do dhaoine, mar sin, tabhair scéal daonna dúinn.

Ná déan trácht ar ‘cinedheighilt’ nó ‘forghabháil’.

Níl poilitíocht uainn.

Is iriseoir mé, cabhraigh liom, do scéal a insint, scéal nach mbaineann poilitíocht leis.

Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse.

Cad faoi scéal ar bhean in Gaza ag lorg oidis leighis?

Cad fútsa? An bhfuil do dhóthain géaga cnámh-scoilte agat chun an ghrian a chlúdach

Tabhair dom do mharbháin is liosta a n-ainmneacha i líon focal míle dhá chéad.

Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse.
Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse le gearradh in eagar do ghiotáin fhuaime agus te-orainn fhocal chun corr a bhaint astu siúd nach gcuireann fuil an sceimhlitheora isteach orthu.

Táimid ag teagasc.jpg

Is níor mhaith leo ár dtrioblóid. Bhí trua acu do bheithígh Ghaza.

Dheineas aithris ar chomhréitigh na Náisiún Aontaithe gona staitiscí go léir, is sinn ag cáineadh ag cásamh ag séanadh.

Ní dhá thaobh cothrom atá anseo áfach, níl cothrom na féinne idir an forghabhálaí agus an té atá faoi fhorghabháil.

Tá céad, dhá céad, míle anam, ar shlí na fírinne.

Ár is coiriúlacht chogaidh idir an dá linn is mé ag brú amach na mbriathra agus aoibh orm: ‘níl sé seo coimhthíoch’, ‘ní sceimhlitheoir é siúd’…

Ach an bhfuil éinne eile ann? Éinne a éistfidh liom?

Ba mhian liom olagón a chasadh os comhair a gcorpán.

Ba mhian liom rith cosnocht i ngach campa teifigh chun na linbh a bhailiú i mo bhaclainn, a gcluasa a chlúdach, nach gcloisfidís fuaim an bhuama, fuaim an bhuama, fuaim an bhuama, ar feadh a saoil cosúil liomsa.

Inniu bhí mo cholainn ina sléacht teilifíse.

Is glacaigí uaimse é, nach bhfuil puinn déanta ag comhréitigh bhúr Náisiúin Aontaithe.

Níl giotán fuaime, giotán fuaime uaimse, dá mhéid an feabhas a thagann ar mo chuid Béarla, níl giotán fuaime, níl fuaim, níl fuaim, níl fuaim, a thabharfas beatha dóibh arís.

Ní fuaim a réiteoidh é seo.

Táimid ag teagasc na beatha, a fhir uasail.

Táimid ag teagasc na beatha, a fhir uasail.

Táimidne, na Palaistínigh, ag éirí go moch gach maidin, ag teagasc na beatha don domhan, a fhir uasail.

Ráth Miontáin Neamhchiontach – Saoirse i mBaol

le Maitiú de Hál

Beidh cás cinniúnach os comhair na gcúirteanna go luath, cás ina mbeidh daonlathas agus na cearta théann leis idir dhá cheann na meá.

Ráth Miontáin. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, ní raibh mórán clú ar an phobal seo go dtí gur thug Joan Burton, a bhí mar Thánaiste ag an am, cuairt air. Go tobann, i ndiaidh don bhunaíocht dearmad a dhéanamh den cheantar agus dá mhacasamhail, bhí Ráth Miontáin i lár an aonaigh. 

rathmiontain2Fear ag caitheamh cloiche mar phictiúr a ndeachaigh leis na cinnlínte. Shílfeá gur chíréib a bhí ann agus b’shin a shíl go leor ag an am agus a shíleann go fóill. Níl mar shíltear a bhítear, áfach.

Is é a tharla go bunúsach ná gur thug an t-Iarthánaiste cuairt ar ionad oideachais Cosán i Ráth Miontáin. Vótáil tromlach na neach léinn nárbh uathu cuairt ón tánaiste- ach tháinig sí beag beann air sin. Bhí agóid de leathchéad duine is daoine ina suí ar an talamh taobh thiar de charr an Tanáiste. Gan mhoill, tháinig borradh ar an tslua is bhí leathmhíle i láthair. Agóid shíochánta, fiú má bhí fearg ar dhaoine, a bhí ann. Bhí thart ar céad Garda le fiche feithicil leo. Rinne an slua máirseáil mhall roimh charr an Tánaiste. D’fhág sí is gan oiread de Gharda amháin den chéad den tuairim, ba chosúil, go raibh baol ann dá sláinte ná dá sabháilteacht. Tharlaigh eachtra na cloiche uair go leith i ndiaidh imeacht an Tánaiste.

An Feabhra ina dhiaidh sin, rinneadh ruathar maidne ar chuid de na lucht na hagóide, ina measc, Paul Murphy Teachta Dála. I ré nuair a deirtear go mbíonn acmhainní gann, tháinig buíonta de sheisear go hochtar Garda chun na daoine seo a ghabháil. 

I Mí Lúnasa 2015, sceith foinse ón Gharda an scéal. Príosúnú Neamhdhleathach. Cúis gurb ionainn í agus fuadach agus an bealach a fuair na cúisithe amach ná Nuacht RTÉ.

Duine de na cúisithe, bhí sé faoi aois agus mar sin, cuireadh os comhair Chúirt na Leanaí, cúirt nach mbíonn giúire ann. In ainneoin na míonna fada a chaith seisear Garda ag scagadh fianaise, chiontaigh an Breitheamh é bunaithe ar na toscaí seo; shuigh sé os comhair gluaisteáin agus ghríosaigh daoine eile le déanamh amhlaidh, ghlac sé páirt sa mháirseáil mhall, gháir sé an rosc “No way, we won’t pay,” d’iarr sé ar an Tánaiste “talk to us Joan.”

Beidh seachtar fear os comhair breithimh ar 24 Aibreán na bliana seo. Má chúisítear iad, tá Paul Murphy TD i mbaol a shuíochán a chailliúint má dhaortar leathbhliain nó níos mó air.

Tá daonlathas, saoirse na cainte, saoirse cruinnithe agus saoirse na hagóide i mbaol. Ní thig linn neamhaird a dhéanamh ar na srianta ar agóidiacht atá tar éis teacht i bhfeidhm i dtíortha éagsúla; Dlí an Ghobáin sa Spáinn mar shampla agus dár ndóigh, nuair a gabhadh iriseoirí i Washington i ndiaidh dóibh agóidí ag insealbhadh Trump a chlúdach.

A Ghaela, tá sé de dhualgas orainn ár saoirse a chosaint! Agus mé ag scríobh don iris seo, tá a fhios agam go bhfuil mé ag seanmóireacht do na fíréin. Mar sin, caidé atá ort a dhéanamh?

Gabh chuig www.jobstownnotguilty.com agus cláraigh do thacaíocht. Téigh i dteagmháil leis an Roinn Dlí is Cirt ar info@justice.i nó scairt a chur orthu ar 01 6028202. Bígí linn ag na hagóidí agus scaipígí an scéal chuig bhur gcairde. Seasamais an fód ar son na saoirse is an daonlathais!

GARDAÍ AR AN AINEOLAS

Bhíos ag caitheamh toitín le cara dom ar shráid chiúin ar an mbaile mór tráthnóna. Bhíomar i bhfoisceacht scread asail don stáisiún Gardaí is do chuaigh gluaisteán thar bráid. Ansan, gan chúis, do chúlaíodar, is an fhuinneoig á óscailt go malltriallach mioscaiseach acu. Tré shúile dorcha, d’fhiafraíodar dínn, cén t-ainm a bhí orainn. Níor thugadar cúis ar canathaobh go raibh ár n-ainmneacha uathu. Níor chuireadar fáilte ar bith romhainn ach ag drannadh linn. Thugas dó an t-ainm atá orm.

Garda: Are you from the Gaeltacht or something that you can’t give your name in English?

Mise: Is deacair liom an cheist sin. Ceapaim gur Gaeltacht í Éire.

Garda: You mean all da twenty six counties, like?

Migardaise: Bhuel sílim go bhfuil cuid mhaith d’Albain agus d’Oileán Mhanainn ina nGaeltachtaí leis.

Garda: Éist, cén t-ainm atá ar d’ID? Tabhair dom d’ID anois….

Mise: Faraoir níl m’ID agam. Ach is é an t-ainm atá air ná an t-aon ainm atá orm.

Lean sé leis ag gabháil don gcleas seo. Ag tathant orm ainm bréagach a ghlacadh. Dhein sé iarracht lipéad na Gaeltachta a chur orm, mar a dhéantar sna Stáit Aontaithe le daoine sna reservations bundúchasacha. Dhein sé iarracht mé a léiriú mar phoblachtánach cantalach nuair a thagair sé dona Sé Chontae is Fichid (ídé-eolaíocht an Daorstáit ar a thoil aige). Nuair nach raibh raibh sé ábalta an ceann is fearr a fháil ar mo mheon, ní raibh fágtha aige ach an lámh láidir. Ach géilleadh beag domsa a bhí ann toisc gur lig sé focal Gaelach thar a bhéal.

Garda: Your about to get searched for a section [uimhir randamach] misuse of drugaí act now, boy.

Ní amháin go léiríonn sé an doicheall a bhí aige don teanga, ach thaispeán sé na cleasanna íde-eolaíochta a bhí aige i mo choinnibh. Nuair nach rabhas sásta géilleadh dá chuid Bhéarla, chrom sé ar na dlithe i leith drugaí a chur i bhfeidhm chun mo chearta daonna a shárú. Is fírinne laethúil í seo i saol an duine in eastát tithíochta. Arm eile ag struchtúr cumhachta an stáit is ea na dlithe in aghaidh drugaí, agus na húdaráis ag iarraidh smacht sóisialta a choimeád ar an bpobal fé chois.

(Ní haon chomhtharlú é gurb iad na daoine gorma is mó atá i gcarcair sna Stáit Aontaithe, daoine a bhí ina sclábhaithe is an stát céanna á thógáil sa chéad lá. Is coireanna a bhaineann le drugaí bunáit na gcúiseanna a bhfuil siad i bpríosún.)
Chuir sé mo chomrádaí le balla ag sá a mhéaranta isteach ina phúitse tobaic. Níor éirigh leis druga ar bith a fháil orainn, ar ndóigh. Dúirt sé ‘sláinte’ (sic) go searbhasach ag filleadh ar a ghluaisteán dó.

Mo léan, dheineas dearúd a ainm féin a iarraidh air.